Pancóga Folláin

Siad seo pancóga beaga, mílse le hím agus subh Folláin. Úsáid do rogha subh.

Am Ullmhúcháin: 10 Neómat
Faid cócaireachta: 5 Neómat
Do: 4

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Sú-Chraobh - NBF

Subh gan siúcra

Sú- Chraobh

Roghanna malartacha:

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 100g plúr éiritheach
  • 1 spt púdar bácála
  • 1 ubh
  • 125ml bainne
  • 25g Siúcre Mín
  • Pinse Salann
  • Le riar Subh Folláin do’d rogha

Modh

  1. Criathraigh an plúr agus an púdar bácála le chéile i mbabhla, cuir leis an siúcre agus salann agus measc le cheile.
  2. Dein tobar i lár, bris isteach an t-ubh agus measc ag tarraingt isteach an plúr ós na taobhanna de réir a chéile.
  3. Measc é seo leis an mbainne agus déan fuidreamh reasúnta tiubh
  4. Ar teas measartha, úsáid friochtán clúdaithe le hím nú íle ded' rogha
  5. Cuir 3 spb den meascán sa friochtán ag cinntiú iad a choimeád óna chéile.
  6. T'réis 2 noiméad, cas timpeall agus déan an taobh eile ar feadh 1-2 noiméad go dtí go mbíonn dath órga orthu
  7. Bain ón bhfriochtán agus cuir ím agus do rogha suibhe leotha