Ginearálta

Cad is brí le Folláin?

Sé is brí le Folláin ná bia nadúrtha, gan cómhábhair mínádúrtha. Fíor-bhia den scoth

Cad as go dtáinig na clúdaigh álainn daite?

Tá an dearadh álainn bunaithe ar aprúin ár seanmháthair, agus ciallíonn siad cócaireacht baile á dhéanamh ar bhórd na cistine, agus bolaithí álainn cócaireachtana cistine inar fhásaimear suas.

Cár féidir liom Folláin a cheannach?

Anso i siopa  Nó féach Cá háit le ceannach le haghaidh siopaí.

Cad is féidir liom a dhéanamh lem' phrócaí agus clúdaigh folamha?

Pé rud is maith leat. Féach Instagram agus ár suíomh idirlín le haghaidh tuairimí, agus cuir chugainn do thuairimí féin.

An féidir pacáistiú Folláin a athchúrsáil?

Is féidir. Bíonn an-áthas orainn ár bprócaí a fheiscint á n-athúsáid i slite éagsúla. Má tá úsáid suimiúil agat d’ár bprócaí cuir chugainn pictiúir.

An Timpeallacht, conas atáimíd á chaomhnú?

Idir subh, marmaláid, agus annlainn, bímíd i gcónaí ag caomhnú breáthacht an nádúir. Bíonn gach rud a dheinimíd bunaithe ar an nádúr.

Chómh maith le sin, tá 100,000 síol tugtha uainn againn, 5,000 crann curtha againn cheana féin, agus beimíd ag dul ar aghaidh dílís d’ar n-ainim, amach anso’ ag cabhrú chun an timpeallacht Folláin a chaomhnú.

Sláinte & Cothú

Conas a deintear subh gan siuicre?

Úsáidtear sú nádúrtha caora finniúna agus mílseacht nádúrtha na dtorthaí chun an subh a mhilsiú. Níl i ngach próca ach torthaí.

An bhfuil bia Folláin gan glután?

Tá ár gcuid subh, marmaláid, agus anlainn go léir saor ó ghlútán.

An bhfuil bia Folláin oiriúnach do ghlasadóirí agus glasáin?

Tá.

Seachadadh agus Tuairisceáin

An mó próca is féidir liom a cheannach?

Is féidir boscaí de 4 nó 6 a cheannach i láthair na h-uaire, ach más mian leat prócaí singile a cheannach féach Stocaithe.

Cad iad na táillí seachadta / seoladh.

€7 Eire  (Poblacht na hÉireann & tuaisceart na hÉireann)

€12 Sasana agus An Eoraip

€20 Críoch Lochlann & Oirthear na hEorpa

€40 Stáit Aontaithe Mheiriceá & an chuid eile den domhan

Cathain a thiocfaidh m’ordú?

Seolfaimid d’ordú chugat chomh tapaidh agus is féidir linn.Seolaimid le (UPS Worldwide) gach Luain go Déardaoin.

  • Éire:  1-2 lá
  • An Eoraip : 1-3 lá  
  • An chuid eile den domhan: suas le 14 lá 
Conas is féidir liom m'ordú a rianú?

Nuair a sheolfar d’ordú cuirfimid uimhir rianaithe chugat.

An féidir liom bronntanas a chur go dtí duine éigin?

An-thuairim. Is féidir gan dabhat. ní gádh ach ainim agus seoladh an duine eile a chur ar an bhfoirm san áit cuí.

An féidir nóta a chuir leis an mbronntanas?

Gan amhras. Cuir nótai dteannta d’ordú, agus cuirfimíd ar chárta é i dteanta leis an mbronntanas.

Tá rud éigin mícheart le m'ordú, cad a dhéanfaidh mé?

Ná bí buartha, Is feidir linn cabhrú. Lean an nasc seo chun cabhair a fháil Order Queries. (Fiosrúcháin d’Ordú)

Cad ar feidir liom a dheinamh má thagann m'ordú briste nó damáistithe ?

Uaireanta déantar damáiste do rudaí sa phost, má tá d’ordú  damáistithe  ná bí buartha lean an nasc seo chun cabhair a fháil Order Queries. (Fiosrúcháin d’Ordú)

Ba mhaith liom mo chuid earraí a thabhairt ar ais?

Fadhb ar bith. Tá ár nós imeachta chen táirgí a chuir  ar ais chugainn éasca, lean an nasc seo Fiosrúcháin Ordaithe  agus taispeánfaimid duit conas! Order Queries

Déan fiosrúchán

Déan teagmháil linn

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Oibrigh linn

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Serbhísí bia

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Stocadóir

  • This field is for validation purposes and should be left unchanged.

Oibrigh linn

Bí mar bhall do bhfoireann Folláin agus cabhraigh linn bia Folláin a dheinamh.

FOUGHLAIM NÍOS MÓ