Ár scéal

Sé is brí le “FOLLÁIN” ná Sláintúil, Nadúrtha, Tairfeach, Fónta. Siad seo go díreach na tréithe a bhainann lenár dtáirgí. Is breá linn an paisean atá againn i leith bia maith a roinnt agus ithe go maith trínár ngrá le leasaithe blasta a dhéanamh. Ach cé hiad na daoine atá taobh thiar den ghnó teaghlaigh seo? Faigh tuilleadh eolais fúinn agus faoinár dturas ó thionscal na cistine go dtí táirgeadh ar fud na tíre.

Stair an chomhlachta

  • 1983
    Bunaítear Folláin
  • Pictiúr Amlíne Tosnú maith leath na hoibre

    Tosnú maith leath na hoibre

    Do casadh Eithne Uí Shiadhail ar Mhairín i dtús na hochtóidí, agus iad ag obair i dtionscail meala. Bhí suim mhór ag an mbeirt acu i gcócaireacht agus i gcursaí bídh. B’é seo bun-chloch a ngnó.

  • Pictiúr Amlíne An chead oideas

    An chead oideas

    Bhí oideas a seanamháthair, le haghaidh Grapefruit marmalade, á úsáid go rialta ag Eithne sa bhaile dá clann. Bheartaíodar tosnú leis an oideas seo agus thugadar a gcead táirge chun an mhargaidh i 1983.

  • Pictiúr Amlíne Scaipeann an scéal

    Scaipeann an scéal

    Ba ghearr go raibh ainm anáirde orthu de bharr na subhanna sobhlasta.

  • 1985
    An Chéad seans mór ag Folláin
  • Pictiúr Amlíne Deis mór do Folláin

    Deis mór do Folláin

    Ár gcead ordú mór, Thánaig ár gcead ordú mór um Nollaig 1985 nuair a órdaigh SuperQuinn 100 cás subh agus marmalade le díol ina gcuid siopaí.

  • Pictiúr Amlíne Cistin níos mó

    Cistin níos mó

    Cúpla bliain ina dhiadh tosnú le Superquinn, agus éileamh ar ár gcuid subh ag dul i méid, do bhogamar isteach i bhfoirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta, a bhí leagtha amach go spéisialta le cistin mór agus áiseanna dá réir.

  • Pictiúr Amlíne Gradam na mílseachta

    Gradam na mílseachta

    I 1995 do bhuamar ár gcéad gradam “Great Taste” le haghaidh subh sú talún agus cuid mhaith acu buaite againn ó shin a leith d’ár gcuid tairge.

  • 1997
    Ag taisteal thar lear!
  • Pictiúr Amlíne Folláin in óstáin agus bialainn agus ag dul thar lear.

    Folláin in óstáin agus bialainn agus ag dul thar lear.

    Thosnaíomar ag déinamh réimse mór táirgí oirúnach do bhialainn agus óstáin. Ina measc seo bhí subhanna do gach saghas, marmalade, agus anlann goinbhlasta.

  • Pictiúr Amlíne Gaeilge a Onnmhairiú

    Gaeilge a Onnmhairiú

    Thosnaímar ag easpórtáil ár gcuid subhanna go dtí na stáit Aontaithe i 1997. Tá an gnó san dultha i méid, agus sa lá atá inniú ann tá Folláin le fáil sa Ghearmáin i Sasna, Americá agus i gCeanda.

  • 2004
    Tá Folláin nádúrtha
  • Pictiúr Amlíne Folláin agus an nadúr

    Folláin agus an nadúr

    Ós rud é go mbimíd ag brath ar an nádúr le haghaidh ár gcuid amh-ábhair tá suim mhór againn an nádúr a chaomhnú agus a bhuanú, thugamar uainn saor in aisce mór chuid síolta luibheanna.

  • Pictiúr Amlíne Táirgí le difríocht

    Táirgí le difríocht

    Thugamar amach réimse nua tairgí gan aon siúcra curtha leo. Subhanna deanta as torthí amháin agus anlann goinbhlasta deanta as torthí agus glasraí gan aon siúcra curtha leo. Támíd ag cuir leis an réimse seo i gconaí.

  • Pictiúr Amlíne An timpeallacht Folláin

    An timpeallacht Folláin

    I 2009 do chuireamar os cionn 5000 crann agus thugamar an deis do phobal amháin dhá chead crann dúchadsach a bhuachaint le cuir ina gceanntar féin. Is doigh linn gur mór an éacht é seo don dtimpeallacht.

  • 2010
    Clann Folláin ag fás
  • Pictiúr Amlíne Glúin nua ag teacht

    Glúin nua ag teacht

    Do chath clann Mhairín agus Pheadair a gcuid saoire Samhraidh go minic ag cabhrú sa ghnó. Anois oibraíonn Micheal ar na hoidis sa chistin ag cuir leis an réimse tairgí nua ag Folláin. Tá Mairéad ag obair ar phlean chun go mbeidh Folláin i ndán a gcuid luibheanna, torthí agus glasraí féin a fhás amach anseo.

  • 2021
    Todhchaí Folláin
  • Pictiúr Amlíne Sé is brí le “FOLLÁIN” ná Sláintúil, Nadúrtha, Tairfeach, Fónta.

    Sé is brí le “FOLLÁIN” ná Sláintúil, Nadúrtha, Tairfeach, Fónta.

    Saol fada is croí Folláin - támíd dilís dár nainm Folláin agus beimíd go deo. Sé ár n’aidhim an bia is fearr agus is nádúrtha agus gan dabht is Folláine a sholathair, déanta as ámh-abhair nádurtha Gaelach mas feidir. Tá 40 bliana caite againn ag forbairt ár gcuid scilleanna agus beimíd ag cuir leo i gconaí.

Folláin

Féach ar ár réimse

Sé croí lár ár ngnó an meas atá againn ar chócaireacht baile. Leis an meón seo, cruthaimíd oidis sobhlasta bunaithe ar an nadúr. Is mór againn bia maith do chaighdeán ard a roinnt lenár gcairde.

Ár réimse