Mionbhruar Úll agus Cainéal Folláin

Mionbhruar Úll - Tugann seo siar na blianta sinn, bain trial as an oideas seo agus féach a dtabharfar aon chuimhne dod' óige chun aigne. Is féidir ár líonadh úill a úsáid san oideas seo leis.

Am Ullmhúcháin: 10 Nóimeat
Faid cócaireachta: 40 Nóimeat
Do: 6

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Sú Talún - TR

Subh Tradisiúnta

Sú Talún

Roghanna malartacha:

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 3 Úll mór cócaireachta
  • 5 spb Subh Folláin sú talún nú sú chraobh
  • 200g (7 unsa) gnáth plúr
  • 55g (2 unsa) siúcre le 2 spt breise i leathtaoibh
  • 55g (2 unsa) siúcre donn
  • 30g (1 unsa) min choirce
  • 85g (3 unsa) ím
  • 1 spb cainéal

Modh

  1. Réamh téigh an oigheann go 180 ºC/350 ºF/gásmharc 4.
  2. Lom agus bain amach croí na húlla.
  3. Gearr ina ceathrúna agus cuir i sáspan le 2 spb uisce agus 2 spb siúcre
  4. Dein cócairáil go mall thar teas íseal, ag meascadh anois agus arís go dtí go mbionn na húlla bog. (timpeall 10 noiméad)
  5. Cuir na húlla bog i mias oigheanndíonach agus lig do fuarú.
  6. Nuair atá na húlla fuaraithe scaip subh Folláin sú talún nú sú chraobh thar a bharr.
  7. Measc an plúr, siúcre, ím, min choirce agus cainéal le chéile led’ mhéaranna go dtí go mbionn sé ina bhrus.
  8. Croith ar barr na húlla
  9. Cuir san oigheann agus déin cócairáil ar feadh 40-45 noiméad go dtí go mbionn sé órdha ar a bharr.
  10. Riar le uachtar nú uachtar reoite.