Toirtín subh Aibreog gan siúcre Folláin
Sé seo toirtín suibhe ana shímplí. Úsáidtear subh Aibreog gan siúcre sa hoideas seo ach féadfar do rogha subh a úsáid.
Am Ullmhúcháin: 20 Neómat
Faid cócaireachta: 25 Neómat
Do: 6
Comhábhair
- 300g (10 unsa) gnáth plúr bán
- 150g (5 unsa) siúcre mín
- 2 ubh
- 150g (5 unsa) ím gan salainn, bog
- 2 proca Subh Folláin Aibreog gan siúcre
- 1 Buíochán bualte le gloiniú
- 1 Craiceann do limóid amháin
- Pinse salann
Modh
- Measc le chéile an plúr, siúcre mín agus an salann.
- Cuir an meascán ar bord agus dein tobar ina lár.
- Bris dhá ubh isteach sa tobar, cuir leis an ím agus craiceann an limóid.
- Bruigh le chéile go dtí go dtagann an taos le chéile.
- Clúdaigh an taos le scannán cumhdaithe agus cuir in áit fionnuar le suí ar feadh 20 noiméad.
- Réamh téigh an oigheann go 190ºC/375ºF/gásmharc 5.
- Gearr an taos i dhá leath.
- Rollaigh amach an taos.
- Cuir ím ar an mias oigheanndíonach agus leag an taos rollala ar.
- Scaip Subh Aibreog ar a bharr.
- Déin rolláil amach ar an píosa taos eile agus dein laitís de stiallacha taois.
- Eagraidh na stiallacha in airde ar an subh sa mias.
- Scuab barr an chíste le ubh agus cuir san oigheann ar feadh 25 noiméad nú go dtí go mbionn sé órdha i ndath.
- Bain amach ón oigheann agus scoil leis fuarú.
- Riar le uachtar nú uachtar reoite.