Toirtíní subh gan siúcre

Cuirfidh siad seo iontas ar aon chomluadar. Déan roim ré hiad, maireann siad seachtaine agus táid oiriúnach le cuir sa reoitóir agus a athbhácail.

Am Ullmhúcháin: 15 Neómat
Faid cócaireachta: 20 Neómat
Do: 12

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Aibreog - NBF

Subh gan siúcra

Aibreog

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 400g (14unsa) Gnáth phlúr
  • 200g (7unsa) Buíoc bog
  • 1 spb Uisce fuar
  • 250g don subh Folláin gan siúcre is fearr leat

Modh

  1. Cuir an buíoc i mbabhla agus measc an uisce fuar agus an plúr
  2. Measc le forc go dtí go mbionn sé ina thaos
  3. Measc isteach an cuid eile don phlúr
  4. Cuir isteach i scannán cumhdaithe agus cuir sa chuisneoir ar feadh uair a chloig
  5. Réamh-téigh an oigheann go dtí 200℃/400 ℉/ gásmharc 6.
  6. Smear cupla stán, roll an taos le crann fuinte
  7. Úsáid gléas gearrtha ciorcalach chun an taos a ghearradh
  8. Cuir an taos ins na stán agus bruigh síos go cúramach iad
  9. Cuir spt (spúnóg tae) amháin do subh Folláin gan siúcre i ngach ceann
  10. Dein iad a bhácáil ar feadh 15/20 noiméad go mbeidh dath órdha ar an taos