Mearóg Samhraidh Gan Siúcre

Oideas sláintiúil ach oideas ná sárófar i mblas ach go háirithe blas an tsamhraidh.

Am Ullmhúcháin: 15 Neómat
Faid cócaireachta: 10 Neómat
Do: 3

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Sú Talún - TR

Subh Tradisiúnta

Sú Talún

Roghanna malartacha:

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 450g (1punt) Sú-talún
  • 450g (1punt) Súchraobh
  • 3 spb Mil
  • 3 spb Subh sú chraobh gan siúcre
  • Slisní thick white bread

Modh

  1. Nigh na torthaí agus bain na gais as na sú talún.
  2. Cuir na torthaí mil agus subh isteach i saspan mór agus corraigh
  3. Cas síos an teas agus lean ort ag corraí.
  4. Ná beirigh ach leighidh an mil go maith.
  5. Tóg den teas.
  6. Línigh babhla mearóige le slisní aráin. Dein deimhin ná fuil aon bhearnaí idir na slisní aráin.
  7. Cuir an meascán torthaí isteach anso go curamach
  8. Cuir slisne eile ar an barr ag clúdach na torthaí ar fad.
  9. Cuir pláta ar an barr agus fág sa chuisneoir thar oíche.
  10. Tóg amach as an mbabhla agus gearr i slisní
  11. Tá an oidis seo go maith le uachtar buailte nó íogart reoite.