Toirtín Úll oscailte

Is féidir ár subh aibreog a úsáid chun aon chíste a ghliosarnach. Bain triail as an oideas triadisiúnta seo do thoirtín úll oscailte agus féach cad a cheapann tú.

Am Ullmhúcháin: 15 Neómat
Faid cócaireachta: 30 Neómat & 30 Neómat ag fuara
Do: 5

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Aibreog - NBF

Subh gan siúcra

Aibreog

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 1 cuid do Taosrán briosc-chrústa
  • 1 punt(450g) Úlla ithe
  • 2 spb Siúcre mín
  • 3 spb mór Subh Aibreog gan siúcre Folláin
  • 1 Fáisc líomóid

Modh

  1. Réamh theigh an oigheann go 190ºC/375ºF/Gásmharc 5.
  2. Ullmhigh an taos agus fuaraigh a gcoir uair a chloig
  3. Smear stán bácála 7 orlach agus cuir an taos isteach ann, dein priocadh ar bun an taos le forc
  4. Lom na húlla, bain amach croílár agus gearr ina cheathrúna ansan i slisiní tanaí
  5. Cuir na slisiní úll i gciorcail ar an taosráin á luí thar ciumhais a chéile
  6. Craith beagán siúcre mín ós a gcionn agus bácáil ar feadh 25 noiméad.
  7. Leaghaidh an subh Aibreog i sáspan leis an sulach liomóide.
  8. Tóg amach an císte agus smear an subh leighte air.
  9. Cuir ar ais san oigheann ar feadh 5-10 noiméad.
  10. Is feidir an taosráin saibhir a dhéinamh tú féin mar leanas. 110g plúr, 55g íme, Spiúnóg boird siúcre mín, 2 buíocán ubh
  11. Measc an tím isteach sa phlúr, measc an siúcre leis.
  12. Measc an buíocán isteach agus cuir sa reoiteoir ar feadh uair a chloig.