Píotsa Piobar Róstaithe Folláin

An píotsa is ansa linn ná an cheann le crústa fíor-thannaí agus déanta sa bhaile gan amhras. Triail an hoideas seo a húsáideann ár n-anlann Piobar Róstaithe.

Am Ullmhúcháin: 15 Neómat
Faid cócaireachta: 15 Neómat
Do: 2

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Piobar Dearg Róstaithe

Piobar Dearg Róstaithe

Roghanna malartacha:

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 500g Plúr laidir
  • 2 spb Salann
  • 12g Giosta
  • 300ml Uisce bogthe
  • 1 x 400g Stán trataí mion ghearrtha
  • 4 – 5 spt Anlann so bhlasta piobar róstaithe Folláin
  • 150g (5 unsa) Cáis Mozzarella gearrtha
  • Doirte Íle olóige
  • Dornán Oragán mion ghearrtha

Modh

  1. Ar dtús dein an taos. I mbabhla measc le chéile an plúr, salann agus giosta.
  2. De réir a chéile cuir leis an uisce bogthe, á mheascadh go dtí go dtagann an taos le chéile.
  3. Fuin an taos go dtí go mbionn sé mín agus soshínte.
  4. Cuir i leataobh a gcoir 30 noiméad go dtí go mbeadh sé dhá uair an méid.
  5. Cuir na trataí stánaithe isteach i sáspan leis an anlann so bhlasta Folláin Piobar Róstaithe agus suanbhruith ar feadh 15 - 20 noimead.
  6. Teigh an oigheann go 200°C/400ºF/ gásmharc 6.
  7. Dein thrí chuid don taos.
  8. Rollaigh amach ceann amháin go dtí go mbionn sé ina rothdhiosca tanaí agus cuir ar tráidire bácála. (Is feidir an dá phíosa eile a úsáid anois nú a reo)
  9. Scaip an anlann trataí ar bharr an rothdhiosca. Cuir leis piosaí mozzarella, uile olóige agus oregano úr.
  10. Bacáil san oigheann ar feadh 8 noiméad.
  11. Bain triall as barrán eile msh Anlann so bhlasta Folláin trataí, Anlann goinbhlasta Folláin Oiniún dearg caramal, Anlann goinbhlasta mónóg, Cáis gabhair, Cáis Chéadair, Cáis gorm, Brie, Sicín, Salami, Pepperoni, Más, Bagún briosc, Ispiní, Oiniún, Anchovies, Ológa, Anainn, Trataí úr, Muisrúin, Piobar, Abhar.