Toirtín cáis agus Anlann Goinbhlasta Oinniún Dearg Caramal le Gearlóg Dubh Folláin.

Am Ullmhúcháin: 10 Noiméad
Faid cócaireachta: 35 Noiméad
Do: 8

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Oinniún dearg caramal & gearlóg dubh

Oinniún dearg caramal & gearlóg dubh

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • 1 leathán taosarán briosc-chrústa
  • 3 spb anlann goinbhlasta oinniún dearg caramal le gearlóg dubh Folláin.
  • 4 Ubh
  • 200ml bainne nú uachtar agus bainne meascaithe
  • 120g cáis grátáilte (Cúil Aodha nú cáis céadar)
  • Gráinnín Noitmig
  • Gráinnín Salann agus piobar

Modh

  1. Cuir an taosarán briosc-chrústa isteach i stán bácála 250mm, déin priocadh le forc é agus cuir sa chuisneoir ar feadh 30 noiméad.
  2. Buail na uibhe agus an bainne, cáis grátailte, noitmig, salann agus piobar le chéile go maith.
  3. Scaip an anlann goinbhlasta ar an taosrán agus doirt isteach an meascán uibheacha.
  4. Dein bácáil san oighean ag 180℃ ar feadh 35 noiméad
  5. Cuir scian isteach i lár an toirtín agus má thagann an scian amach glan, tá an toirtín déanta agus ullamh le riar.
  6. Is feidir an toirtín seo a ithe fuar nú té.