Toirtín Seacláide agus Óráiste

Tánn péiriú seo díreach sa cheart, seacláid agus oráiste. Roghnaigh pé subhoráiste is fearr leat agus leann na céimeanna céadna anseo luaite.

Am Ullmhúcháin: 30 Neómat
Faid cócaireachta: 15 Neómat
Do: 8

Tá an oideas seo go hÁlainn le...

Pictiúr den táirge gaolmhar - Subhoráiste - NBF

Subh gan Siúcra

Subhóráiste

Roghanna malartacha:

Feach ar an táirge

Comhábhair

  • Don bun
  • 85g gnáth plúr
  • 65g Siúcre reoáin
  • 50g gallchnó brúite
  • 6 spb ím bog
  • 30g Cocoa
  • Don líonadh
  • 290ml uachtar dúbaltha
  • 50g Siúcre
  • 300g seacláid mion ghearrtha
  • 2 spb Folláin marmalade
  • 2 spb craiceann Óráiste criostalaithe

Modh

  1. Téigh an oigheann go dtí 180ºC/350ºF/gas mark 4.
  2. Cuir an plúr agus siúcre reoáin trí chriathar, isteach i mbabhla.
  3. Cuir leis seo na gallchnóite brúite, cocoa agus ím agus bual le chéile.
  4. Bruigh an taos isteach i stán 9 n’orlaí go bhfuil bun inbhainte ann.
  5. Bacáil ar feadh 12 - 14 noiméad, scoil leis fuara sa stán.
  6. Don Líonadh
    Cuir an uachtar agus an siúcre isteach i sáspan agus tabhair chun beirithe, á chasadh anois agus arís.
  7. Bain ón teas é agus measc isteach an seacláid agus Marmalade, fág ar feadh 5 nóiméad agus buail é go dtí go mbionn sé mín.
  8. Cuir i mbabhla, clúdigh agus cuir isteach sa chuisneoir a gcoir 45 - 60 noiméad go dtí go mbionn sé tar éis fuara agus tar éis eirí tuibh.
  9. Tóg ón cuisneoir é agus bual an meascán arís ar feadh 30 secoind.
  10. Cuir an meascán isteach sa chás taos, fuaraithe.
  11. Cuir isteach sa cuisneoir arís é ar feadh 24 uair a chloig go dtí go mbionn an meascán cruaidh.
  12. Bain amach agus riar maisithe le craiceann Óráiste criostalaithe.